|
Is cúis mhór bróin don Chumann a chloisteáil go bhfuair Richard J. Scott bás (24 Eanáir 2008). Ba dhuine d’fhondúirí Chumann Húicéirí na Gaillimhe ab ea Dick, mar arbh fhearr aithne air. Ní raibh teora ar bith lena dhíograis do na báid seo. Ar feadh na mblianta fada, d’fheictí Dick ag na geallta báid agus é ina sheasamh ar deic half decker éigin ag tarraingt pictiúr agus é ag trácht ar fhad agus ar leithead na mbád. Bhí eolas thar cuimse aige ar gach aon bhád agus na tomhaiseanna a bhain leo agus níorbh fhéidir é a shárú maidir leis an eolas a bhí aige ar cén duine, cén áit agus cén bhliain inar tógadh na báid.
Chuir sé an t-eolas seo agus na fótagraif a thóg sé i dtoll a chéile nuair a scríobh agus a d’fhoilsigh sé “The Galway Hookers Sailing Workboats of Galway Bay” sa bhliain 1983. Níorbh fhada gur díoladh na leabhair uile agus foilsíodh eagrán nua de bharr an éilimh a bhí air sa bhliain 2004. Díoladh gach ar priontáladh taobh istigh de shéasúr seoltóireachta amháin. De bharr a chuid taifeadta ar úinéirí agus ar scipéirí na mbád, tá stair faoi leith Húicéirí na Gaillimhe slán de bharr iarrachtaí Dick. Tarraingíodh aird an phobail mhuirí idirnáisiúnta ar na báid seo de bharr a bhfuil foilsithe ag Dick, agus beidh an Cumann buíoch de go deo as an oidhreacht seo.
Amhail stairithe muirí go leor eile, ba sheoltóir díograiseach Dick agus chaith sé na blianta ina mháistir ar a chuid bád féin. Bhí an-tóir air i measc lucht na mbád i gConamara agus ba chainteoir breá agus fear uasal a bhí ann. Aireoidh gach a raibh aithne aige air uathu é. Tá sé anois i gcomhluadar Claire, a bhean chéile ionúin. Maireann a iníon Aileen agus a mhic Peter agus David. Déanaimid comhbhrón leo ag an am seo agus tá súil againn go mbainfidh siad sólás as an gcuimhne atá acu ar a shaol fada comhlíonta. |