|
*** AN HÚICÉIR (Bealtaine '09) [PDF, 1.40MB] ***
Teastóidh Adobe Reader uait chun an Nuachtlitir a léamh, is féidir é a íoslódáil anseo.
Ag éirí as iarrachtaí Chumann Húicéirí na Gaillimhe le blianta beaga anuas rinneadh tairiscint don Chumann, i gcomhar le Coiste Pobail na Ceathrún Ruaidh agus leis An Mheitheal Acmhainní Spóirt agus Cultúrtha, Bainisteoir Tograí a fhostú chun cuidiú linn roinnt d’éilimh an Chumainn a fhorbairt agus a chur chun cinn. Ar an gcéad le de Dheireadh Fómhair 2007 thosaigh Seán Ó Dómhnaill i mbun a chuid dualgaisí ar son na trí coiste atá i gceist. Tá Cumann Húicéirí na Gailimhe ag feidhmiú mar fhostóir don Bhainisteoir Tograí.
Is í seo an chéad uair a thug Údarás na Gaeltachta faoi thacaíocht a thabhairt do choistí deonacha ar an múnla seo. Tá coiste stiúrtha ceaptha ar a bhfuil ionadaíocht ag na trí eagraíocht agus Údarás na Gaeltachta san áireamh.
I láthair na huaire tá an Bainisteoir ag diriú ar na tograí seo a leanas thar cheann an Chumainn:
- Oscailt oifige agus ionad cruinnithe (curtha i gcrích).
- Cúrsa fuáil agus dearadh seolta a reáchtáil (thosaigh i Meán Fómhair 2008).
- Scéim Saortha Bád Chonamara a athbeochan.
- Forbairt Saoráidí Mara ag Céibh an tSrutháin.
- Ceangal a dhéanamh le Rás Aigéin an Domhain 2009 [Volvo Ocean Race] i gCathair na Gaillimhe.
Cuireadh tús le cúrsa gearradh agus fuáil seolta ar an gCeathrú Rua le gairid. Is iad Cumann Húicéirí na Gaillimhe, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, Coiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ag reáchtáil an chúrsa. Is é seo an chéad uair riamh a leithéid de chúrsa a bheith ar bun sa taobh seo tíre. Tá 16 duine ag freastal ar an gcúrsa agus is é Harry Sterling, a bhfuil taithí tríocha bliain aige sa cheird seo, atá ina theagascóir ar an gcúrsa. Mar chuid den chúrsa déanann gach duine atá sa rang jib, seol tosaigh agus seol mór dá gcuid féin a ghearradh agus a fhuáil. Chomh maith leis an ngné phraiticiúil, táthar ag déanamh staidéir ar ghnéithe éagsúla den teoiric a bhaineann leis an gceird seo. Bronnfar teastas FETAC (leibhéal 5) ar rannpháirtithe an chúrsa.
Is iomaí duine atá faoi dhraíocht agus faoi mhealladh na farraige nó aon fhairsinge mhór uisce, agus chomh maith leis sin is acmhainn thábhachtach eacnamaíoch dhúinn í. Go deimhin, mar thoradh ar an mealladh sin agus le teanndícheall an duine ar feadh na gcianta, baineadh saothrú as saoirseacht bháid, iascaireacht agus gníomhachtaí mara eile. Bhí tionchar nach beag ag an bhfarraige ar stair agus ar chultúr oileán na hÉireann – mar bhealach chun slí bheatha a bhaint amach, mar bhealach iompair agus cumarsáide agus mar fhoinse seanchais agus finscéalaíochta.
Breathnaíonn an leabhar seo ar oidhreacht na mbád traidisiúnta in Éirinn, ar an úsáid a baineadh astu agus ar an imshaol éagsúil inar mhair siad. Tá léiriú iomlán ann ar thart ar 60 cineál éagsúil báid le pleananna teicniúla, líníochtaí agus fótagraif.
Le haghaidh tuilleadh eolais téigh chuig www.tradboats.ie |