|
|
|
| |
- Caithfidh fear na láimhe deise a theacht timpeall ó fhear na ciotóige i gcónaí.
- Bád atá ag gabháil thar bhád eile, ní mór di fanacht glan.
- Nuair atá dhá bhád ar aon bhord, caithfidh an bád atá in uachtar fanacht glan. Tá cead ag an mbád in íochtar fanacht leis. Níl cead leagan ar an mbád atá in íochtar.
- Nuair atá dhá bhád ar aon bhord ag teacht timpeall ar phocán, caithfidh an bád ar an taobh amuigh áit a thabhairt don bhád ar an taobh istigh. Má cheapann fear an halmadóra nach bhfuil a dhóthain áite aige, fógróidh sé “uisce”, “bealach” nó focal mar é. Tá an riail chéanna ann má tá bád i gcontúirt ó bhuaidh nó ó phocán nó ó aon rud eile a thiocfadh ina bhealach go tobann.
- Ní bheidh feidhm ag riail 4 ag tús ná ag deireadh rása ach beidh ag rialacha 1, 2, 3.
- Níl cead ag aon bhád dul thar an líne roimh an am atá ordaithe. Má bhriseann bád an riail seo caithfidh sí dul ar ais taobh thiar den líne tosaigh. Ní féidir léí cur isteach ar aon bhád atá tosaithe i gceart agus ní bheidh aon chearta aice féin.
- Níl cead jaidhbeáil ar an mbuaidh.
- Níl cead ag éinne i mbád lámh a leagan ar bhuaidh.
- Is ceart i gcónaí timpiste a sheachaint, is cuma cé aige a bhfuil an “right of way”. Is féidir le scipéir báid gearán a dhéanamh leis an Maor Cúrsa tar éis an rása má cheapann sé gur dearnadh faillí air.
- Chomh luath is a chaitear an t-urchar rabhaidh, caithfidh bád an t-inneall a chasadh de.
- ‘Sé an Maor Cúrsa a dhearbhós torthaí an lae. Is féidir le haon bhád achomharc a dhéanamh in aghaidh an toraidh agus beidh cead ag ‘chuile bhád ionadaí amháin a bheith aige ag an achomharc sin. I gcásanna eisceachtúla éisteoidh coiste achomhairc Chumann Húcéirí na Gaillimhe le hachomhairc. Ba cheart fógra achomhairc a thabhairt roimh bhronnadh na nduaiseanna.
- Tá sé de dhualgas ar chriú ‘chuile bhád eolas faoin gcúrsa a chinntiú dóibh féin. Ba cheart léarscáil den chúrsa a bheith ar fáil do ‘chuile bhád.
- Tá cead ag an Maor Cúrsa an cúrsa a ghiortú nó an rás a chríochnú ag am ar bith má lagann an ghaoth, ach fógra a thabhairt roimh ré do na báid.
- I rástaí atá á reachtáil faoi choimirce Chumann Húicéirí na Gaillimhe tá ‘chuile bhád freagrach as sábháilteacht an chriú. Caithfidh an criú uile deiseanna sábhála nua-aimseartha a chaitheamh.
- Caithfidh criú ‘chuile bhád a bheith ina mbaill de Chumann Húicéirí na Gaillimhe.
- Bád atá a bhriseann riail agus a dhéanann damáiste do bhád eile beidh sí dícháilithe.
- Bád nach ndéanann an cúrsa ceart, beidh sí dícháilithe.
- Má bhriseann bád riail, caithfidh sé figiúr a 8 a dhéanamh chomh luath is féidir nó nuair a ordaíonn an Maor Cúrsa dó é.
- Caithfidh an Maor Cúrsa éisteacht a thabhairt don duine a rinne gearán chomh luath is féidir tar éis an rása.
- Caithfidh an Maor Cúrsa iarracht a dhéanamh an scéal a fhiosrú. Tar éis an fhiosraithe fógróidh sé an toradh.
|
|
| |
|
|