Cumann Húicéirí na Gaillimhe
Baile
Stair
Féilte
Mapa de na Féilte
Cúrsaí
Traenáil
Cartlann Téacs
Foilseacháin
Rialacha
Nuacht
Richard J. Scott
Gailearaí
Naisc
Ráiteas Misin
Teagmháil
 
 

Traenáil

Saoirseacht Báid

A shipwright doing some last minute work to Star of the WestBunaíodh tionscadal traenála i 1996 faoi choimirce scéim de chuid an Aontais Eorpaigh chun todhchaí Húicéir na Gaillimhe a chinntiú, chun an traidisiún mara a choinneáil beo agus chun ról lárnach a thabhairt do dhaoine óga ann. Bhí sé soiléir go raibh ceird na saoirseachta i mbaol a báis. Dá mbeadh na húicéirí le bheith inmharthanach bheadh ar na saortha a bhí fós inár measc a gcuid scileanna a thabhairt mar oidhreacht don dream óg. Bhí daoine óga ann freisin ag lorg scileanna a thabharfadh deis fostaíochta dóibh. Shocraigh Cumann Húicéirí na Gaillimhe dul i mbun gníomhaíochta chun an tionscal seo a chur chun cinn.

Is ar fhir óga dífhostaithe de bhunadh na Gaeltachta, idir 17 agus 37 bliain d’aois, a díríodh an tionscadal seo. Bhí suim faoi leith acu i dtógáil bád adhmaid agus i dtógáil bád traidisiúnta ach go háirithe. Bhí siad ina gcónaí gar don fharraige agus bhí cleachtadh acu uirthi, idir iomramh agus sheoltóireacht agus idir iascaireacht agus fheilméaracht éisc. Bhí sé mar aidhm acu obair a fháil sa réimse seo amach anseo.

Michael Mhairtín Jimmí Mac Donnacha carving out a new mast or 'crann' for a HúicéirCuireadh traenáil i dtógáil agus i ndeisiú bád traidisiúnta ar fáil trí mheán na Gaeilge. Ba shaortha áitiúla, a raibh saineolas i ngach gné dá gceird acu, a bhí i mbun traenála. Rinneadh ceangal idir an pobal, an oidhreacht chultúrtha, an fhorbairt tionscail agus ceird na saoirseachta. Rinne an tionscadal athbheochan ar an suim sa gceird trí dhaoine óga a chur in aithne do na saortha agus chuir sé borradh faoi thionscal na tógála báid.

Bhí gné thrasnáisiúnta ag baint leis an scéim agus dhá eilimint sa pháirtíocht. Ar an gcéad dul síos rinneadh páirtíocht le tionscadail a bhí i mbun oibre i réimse na tógála agus an deisithe báid. Thug sé seo an deis do thraenálaithe agus don lucht foghlamtha cur lena gcuid cleachtaidh, idir theicniúil agus chultúrtha, trí thaisteal chuig tíortha thar lear agus trí pháirt a ghlacadh i gcláir thraenála eile. Chomh maith leis sin rinneadh páirtíocht le tionscadail a raibh an t-oideachas agus an traenáil mar sprioc acu. Thug sé seo deis chun smaointe agus modhanna nua fostaíochta agus traenála a fhorbairt, agus curaclam cuí chun teistiméireacht a bhaint amach a chur le chéile.

Johnny Healion planking the Star of the West, 1993 in Erne St, Dublin‘Sé an príomhthoradh ar Thionscadal na Saortha Báid ná go bhfuil grúpa fir óga ann a bhfuil leibhéal scileanna acu a chuirfidh ar a gcumas leanacht ag obair leis na saortha a bhí á dtraenáil. Tá triúr acu féinfhostaithe mar shaortha ar a gconlán féin. Cuireadh go mór le híomhá traidisiún na saoirseachta i gConamara, rud a chabhraigh le forbairt na fostaíochta. Tá próifíl Húicéir na Gaillimhe ardaithe agus tá a mharthanas mar chuid d’oidhreacht bheo chultúrtha cinntithe anois.

Seoltóireacht - (Féach Naisc)

 
 
Cumann Húicéirí na Gaillimhe
eolas@galwayhookerassociation.ie