|
Cúrsaí seoltóireachta ar bhord húicéara traidisiúnta. Fearais nua-aimseartha sábháilteachta ar bord.
Cláraithe le ceadúnas paisinéirí ó Roinn na Mara.
Tá scoil seoltóireachta Húicéirí na Gaillimhe lonnaithe 25 míle siar ó Chathair na Gaillimhe ar an gCeathrú Rua. Imeachtaí ar fad faoi chlúdach árachais.
Tá rogha leathan cúrsaí leagtha amach chun freastal ar gach leibhéal cumais ó thosaitheoirí go dtí bádóirí ard-chaighdeáin. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil rud éigin ar fáil do chuile dhuine idir óg agus aosta.
|
Bain trial as – cúrsa lae nó cúrsa leath lae Ag teastáil: Ní gá aon taithí Aidhm: Blaiseadh den tseoltóireacht a thabhairt don fhoghlaimeoir agus saol ar bord báid. Clár: Seisiún ina dtugtar deis trial a bhaint as príomhghnéithe na seoltóireachta. |
Turas Lae – na hOileáin Ag teastáil: Ní gá aon taithí Aidhm: Blaiseadh den tseoltóireacht a thabhairt don fhoghlaimeoir agus saol ar bhord báid. Clár: Lá iomlán (9-9) ina dtugtar deis don fhoghlaimeoir trial a bhaint as príomhghnéithe na seoltóireachta agus cuairt a thabhairt ar cheann d’oileáin stairiúla an cheantair. |
Tosaigh ag Seoltóireacht – Cúrsa 5 lá Ag teastáil: Ní ga aon taithí Aidhm: Báid a láimhseáil go sábháilte i ngaoth éadrom. Clár: Foghlaim na ngnéithe bunúsacha den tseoltóireacht – rigeáil, dul chun seoil, stríocadh, stiúrú, ceangal cúrsaí, teacht i dtír. |
Dul I bhfeabhas – cúrsa 5 tráthnóna Ag teastáil: Ábalta an bád a sheoladh ar chúrsa triantánach. Aidhm: Forbairt a dhéanamh ar na scileanna bunúsacha agus feabhas a chur orthu. Clár: Achoimre ar na bunscileanna – dianteagasc ar stiúrú, trimeáil seolta agus láimhseáil báid. |
Rásaíocht – Deireadh seachtaine seoltóireachta/ rásaíochta Ag teastáil: Beagán taithí áisiúil ach fáilte roimh chách. Aidhm: Cur leis na scileanna seoltóireachta agus páirt a ghlacadh i rása. Clár: Dianchúrsa sna bunscileanna a mhaireann 3 lá – ullmhú an bháid, trialacha farraige, dul chuig ionad an rása, casadh leis na báid eile agus leis na bádóirí, páirt a ghlacadh sa rása, teacht i dtír agus ceiliúradh. |
Pleanáil do chúrsa féin Téigh i gcomhairle leis an scil chun clár a fheileann duitse a leagan amach. |
Cúrsaí ar siúl gach lá ó Aibreán go Meán Fómhair.
Tuilleadh eolais ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le: Sean Mac Donncha, Doire Fhearta, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. Teil: 091 595488, Fón póca: 087 6784902 nó íoslódáil ceann de na foirmeacha iarratais thíos agus seol ar ais chuig an seoladh thuas.
|