|
Bunaíodh Cumann Húicéirí na Gaillimhe i 1978 agus í mar aidhm aige athchóiriú agus caomhnú an bháid ar a dtugtar Húicéir na Gaillimhe (agus na cineálacha éagsúla - gleoiteog, púcán, leathbhád agus bád mór - san áireamh), a chur chun cinn. Chomh maith leis sin thug sé deis chumarsáide do dhaoine a raibh an suim chéanna acu sna báid. Sa chéad nuachtlitir bhliantúil (1980) leagadh síos aidhmeanna an chumainn go sonrach, mar seo a leanas:
- suim a mhúscailt sna húicéirí, sna púcáin agus sna gleoteoga
- maoirseacht a dhéanamh ar rásaíocht
- caomhnú a dhéanamh ar na báid atá ann agus athbheochan a dhéanamh ar na haicmí éagsúla
- sainmhíniú a thabhairt ar gach ceann de na trí aicmí
- imeachtaí eile, a chuirfeadh na haidhmeanna seo chun cinn, a spreagadh
Idir an dá linn, tá suim mhór múscailte sna báid seo agus tá seanbháid ath-thógtha agus feistithe agus báid nua as na bpíosa tógtha chomh maith. Tá athbheochan seo an Húicéara, ar bhád oibre a bhí inti i dtús ama, ag brath ar a shaol nua mar bhád pléisiúir, agus tá sí le feiceáil i rith an tsamhraidh ag féilte agus ag rástaí i gceantar na Gaillimhe (ó Chinn Mhara san oirdheisceart go Cloch na Rón san iarthuaisceart) agus i gceantair eile nach é ar chósta na tíre(Port a’ Pheire, Baile Átha Cliath agus Dún na Séad).
Tá cuid mhaith de stair agus de sheanchas na mbád caomhnaithe – i nuachtlitir CHG, in Iris Phléaráca, i leabhar Dick Scott The Galway Hooker (a bhfuil an ceathrú eagrán de ar fáil) i gcláir de chuid Raidio na Gaeltachta agus i scannáin fhaisnéise Éamoin and Chian de Buitléar agus Bhob Quinn agus i gcartlann Roinn Bhéaloidis Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Ba chúis imní í don chumann a laghad saor báid a bhí ann agus an aois a bhí acu agus an tionchar a bheadh aige sin ar thodhchaí Húicéir na Gaillimhe. Dá bharr sin socraíodh tabhairt faoi chúrsa traenála i scileanna na saoirseachta sa bhliain 1996 (féach TRAENÁIL). Ghlac beirt shaor báid páirt sa tionscadal, cuireadh fir óga faoi thraenáil agus tógadh dhá bhád nua – leathbhád (Colmcille) agus gleoiteog mhór (Naomh Ciarán). |